Eolas Faoin Ról Seo
Cuspóir an Róil
Beidh ról an Cheannasaí Gaeilge freagrach as feidhm fhoirmiúil Gaeilge a bhunú agus a leabú laistigh de Choimisiún na Meán ag cinntiú go bhfuil an teanga lárnach i misean agus i bhfeidhmiú na heagraíochta agus go gcuirfimid chun cinn agus go spreagfaimid í a úsáid agus a fhorbairt sna meáin uile. Beidh an Ceannasaí freagrach as dualgais Ghaeilge Choimisiúin na Meán a chur i bhfeidhm faoin Acht Craolacháin 2009 agus faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla araon. Áirítear leis sin beartais nósanna imeachta agus pleananna gníomhaíochta a fhorbairt i ndáil leis na dualgais sin agus a chinntiú go gcuirtear chun feidhme iad go héifeachtach.
Príomhfhreagrachtaí
- Feidhmeannas na Gaeilge a bhunú i gCoimisiún na Meán agus earcaíocht na mball foirne nua a bhainistiú.
- Beartas saincheaptha ar fud na heagraíochta don Ghaeilge a ullmhú agus a mhaoirsiú.
- Plean tionscadail a fhorbairt chun a chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm go héifeachtach na gníomhartha a mholtar do Choimisiún na Meán a dfhéadfadh teacht as an Athbhreithniú Cuimsitheach ar úsáid na Gaeilge sna Meáin..
- Gníomhú mar phríomhphointe teagmhála le hearnáil na meán agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile maidir le gníomhaíochtaí Gaeilge Choimísiúin na Meán a bhaineann leis na meáin.
- Taighde imeachtaí agus tionscnaimh Ghaeilge Choimisiúin na Meán a threorú.
- Maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm oibleagáidí reachtúla Choimisiúin na Meán i ndáil leis an nGaeilge faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla ag cinntiú (1) go soláthrófar seirbhísí ardchaighdeáin Gaeilge don phobal san aistriúchán sa chumarsáid agus san earcaíocht; agus (2) próisis nósanna imeachta agus treoir foirne a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go gcomhlíonfar na ceanglais monatatóireachta gus tuairiscithe go léir.
- Rannpháirtíocht le Ranna agus le comhlachtaí eile san earnáil phoiblí maidir le reachtaíocht tionscnaimh chomhordaithe/comhpháirtíochta agus bearta cur chun feidhme gaolmhara de chuid Choimisiúin na Meán.
- Gníomhú mar phointe aonair teagmhála le haistritheoirí seachtracha agus sraith treoirlínte rialaithe a bhunú daistritheoirí inmheánacha agus seachtracha chun a chinntiú go gcloíonn gach aistriúchán le téarmaíocht agus stíl chomhsheasmhach cheart agus bhailíochtaithe.
- Oibriú leis an bhfoireann cumarsáide inmheánach agus go trasfheidhmeach chun comhsheasmhacht agus cruinneas a chinntiú i rogha na téarmaíochta a úsáidtear sa Bhéarla agus sa Ghaeilge araon.
- Comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le cinnteoireacht amach anseo maidir leis an mbealach is fearr is féidir riachtanais Ghaeilge na heagraíochta agus na seirbhísí a sholáthar.
Tá an méid thuas beartaithe mar threoir ar raon ginearálta na ndualgas agus tá sé beartaithe nach mbeidh sé cinntitheach ná sriantach agus tá sé faoi réir athbhreithnithe.
Eolas Fút - Taithí Scileanna Eolas agus Cáilíochtaí
Critéir Riachtanach
- Líofacht den scoth sa Gaeilge le hinniúlacht láidir teangeolaíoch agus téacsúil lena n-áirítear an cumas aistriúcháin cruinn a dhéanamh idir Gaeilge agus Béarla.
- Taithí ghairmiúil ábhartha ó na meáin nó ón earnáil phoiblí.
- Cumas cruthaithe chun straitéisí casta tras-earnálacha a chur i bhfeidhm ar fud earnála éagsúla agus fairsing.
- Taithí bainistíochta líne cruthaithe lena n-áirítear foirne a threorú agus a fhorbairt.
- Sárscileanna pleanála agus eagrúcháin agus an cumas tosaíocht a thabhairt go héifeachtach agus ualach oibre suntasach agus éagsúil a bhainistiú.
- Scileanna láidre idirphearsanta leis an gcumas caidrimh éifeachtacha a thógáil agus a choinneáil le páirtithe leasmhara éagsúla agus scileanna idirbheartaíochta agus tionchair a léiriú.
- Sárscileanna cumarsáide scríofa i bhfoirmeacha éagsúla lena n-áirítear cur i láthair doiciméid bheartais comhfhreagras agus tuarascálacha.
Critéir Inmhianaithe
- Taithí ar straitéisí nó beartais Gaeilge a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs eagraíochtúil nó meán.
- Eolas ar reachtaíocht caighdeáin agus treoirlínte ábhartha a bhaineann leis an nGaeilge san earnáil phoiblí (e.g. Acht na dTeangacha Oifigiúla).
- Scileanna cruthaithe agus/nó cáilíochtaí aistriúcháin.
- Taithí ar rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara le pobail Ghaeilge le grúpaí abhcóideachta nó le heagraíochtaí cultúrtha.
Próiseas Iarratais
Má tá suim agat iarratas a dhéanamh ar an bpost seo cuir isteach le do thoil:
- CV (uasmhéid 2 leathanach) agus litir chlúdaigh/ráiteas pearsanta (uasmhéid 1 leathanach) ina leagtar amach cén fáth a gcreideann tú go gcomhlíonann do scileanna taithí agus luachanna riachtanais an phoist
- Tá ceapachán ar an ról seo faoi réir incháilitheacht an iarrthóra chun oibriú in Éirinn. Éilíonn gach post ar iarrthóirí cónaí i bPoblacht na hÉireann nó i dTuaisceart Éireann.
- Déanfar iarrthóirí a théann i mbun canbhasála a dhícháiliú agus a eisiamh ón bpróiseas Ní bhreithneofar iarratais dhéanacha nó iarratais nach bhfuarthas tríd an gcainéal ceart mar a léirítear thuas.
Má tá ceisteanna agat a bhaineann leis an bpróiseas iarratais nó roghnúcháin a bhaineann leis an ról seo déan teagmháil le
Socruithe Réasúnta
Cuirfear socruithe réasúnta ar fáil más gá le linn an phróisis earcaíochta. Chun socruithe réasúnta faoi rún a phlé agus a iarraidh téigh i dteagmháil le Angeline McKiernan ag
Dáta Deiridh: 3in 30 Deireadh Fómhair
Eolas Faoin Ról Seo Cuspóir an Róil Beidh ról an Cheannasaí Gaeilge freagrach as feidhm fhoirmiúil Gaeilge a bhunú agus a leabú laistigh de Choimisiún na Meán ag cinntiú go bhfuil an teanga lárnach i misean agus i bhfeidhmiú na heagraíochta agus go gcuirfimid chun cinn agus go spreagfaimid í a ús...

View more
View less