Ceann Ealaíona na Gaeilge agus Ceann Litríocht na Gaeilge

The Arts Council

Not Interested
Bookmark
Report This Job

profile Job Location:

Dublin - Ireland

profile Monthly Salary: Not Disclosed
Posted on: 22 days ago
Vacancies: 1 Vacancy

Job Summary

A. Sonraí

Post: Ceann Ealaíona na Gaeilge agus Ceann Litríocht na Gaeilge (féach eolas thíos maidir le 2 X róil .5)

Grád: Ardoifigeach Feidhmiúcháin

Coibhéis lánaimseartha: Lánaimseartha - 5 lá sa tseachtain*

Ag tuairisciú do: An Stiúrthóir Ealaíon Cruthaitheach (agus do Stiúrthóirí Ealaíon eile de réir mar is gá i gcomhréir le cláir oibre)

Fad: Buan

Spriocdháta diarratais:12 meán lae Dé Máirt 11 Samhain 2025


B. Forbhreathnú ar an Rannóg agus ar an Ról

Is í an Chomhairle Ealaíon an ghníomhaireacht de chuid Rialtas na hÉireann atá freagrach as tacaíocht a thabhairt do na healaíona in Éirinn agus as iad a chur chun cinn. Oibrímid i gcomhpháirt le healaíontóirí le heagraíochtaí ealaíon le lucht déanta beartas poiblí agus le daoine eile chun áit lárnach a chruthú do na healaíona in Éirinn.

Treoraíonn na rannóga ealaíon sa Chomhairle Ealaíon an eagraíocht maidir lenár straitéis chorparáideach Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh a fhorbairt a chur chun feidhme agus a mheasúnú agus tá siad freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na healaíona sna foirmeacha ealaíne reachtúla ar fad a fhorbairt agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh.


Is ról nua é Ceann Ealaíona na Gaeilge a chuimsíonn dhá réimse freagrachta faoi leith

  • Ceann Litríocht na Gaeilge

  • Ceann Ealaíona na Gaeilge - lena n-áirítear forbairt beartais maoiniú agus iarratais ar scéimeanna; agus caidreamh le gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí ábhartha a bhíonn ag plé leis na healaíona sa Ghaeilge.

*Is róil pháirtaimseartha iad an dá ról seo (2½ lá in aghaidh na seachtaine) agus féadfar na róil a chur le chéile do dhuine amháin i gcás taithí agus oiriúnacht an iarrthóra a bheith cuí.

Mar mhalairt air sin féadfar dhá ról pháirtaimseartha a líonadh.

Dá bharr sin is féidir le hiarrthóirí cur isteach ar cheann amháin de na róil nó ar an dá cheann le chéile.

C. Príomhfhreagrachtaí

Mar Cheann Litríocht na Gaeilge beidh ort:

  • Gach aon chuid de cheapadh beartas tionscnaimh forbartha bainistíocht deontas agus caidrimh na Comhairle Ealaíon a threorú agus a bhainistiú i Litríocht na Gaeilge chun cuspóirí straitéiseacha agus plean corparáideach na Comhairle Ealaíon a chomhlíonadh

  • Saineolas agus faisnéis a thabhairt chun beartas agus straitéis a fhorbairt i réimse litríocht na Gaeilge

  • Eolas a bheith agat ar chuir chuige agus ar fhorbairtí beartas agus cláreagraithe i litríocht na Gaeilge

  • Príomhchaidrimh (mhaoinithe) i réimse litríocht na Gaeilge a bhunú a fhorbairt agus a bhainistiú

  • Réasúnaíocht agus moltaí maidir le maoiniú a sholáthar

  • Straitéis buiséid a fhorbairt le haghaidh do réimse ealaíon

  • Buiséad do réimse a bhainistiú

  • Tionscnaimh/cláir a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú a thacóidh le forbairt réimse na n-ealaíon. Seirbhísí comhairleacha don Chomhairle Ealaíon i réimse litríocht na Gaeilge a bhainistiú

  • Cuir chuige a fhorbairt i gcomhar le Ceann na Litríochta i leith tacú le heagraíochtaí litríochta lena gcuid oibre le litríocht na Gaeilge

  • Caidrimh na Comhairle Ealaíon le gníomhaireachtaí Gaeilge (e.g. Foras na Gaeilge Ealaín na Gaeltachta) a bhainistiú ó thaobh na straitéise agus an mhaoinithe de

  • Seirbhísí comhairleacha maidir le litríocht na Gaeilge a sholáthar agus a bhainistiú go fadtéarmach

Mar Cheann Ealaíona na Gaeilge beidh ort:

  • Saineolas agus faisnéis a thabhairt chun beartas agus straitéis a fhorbairt agus le haghaidh ealaíona na Gaeilge

  • Comhairle a chur ar an gComhairle Ealaíon maidir lena beartais agus straitéisí i dtaobh ealaíona na Gaeilge agus iarrthóirí Gaeilge.

  • Straitéis a fhorbairt i gcomhairle leis an earnáil agus le ranna agus gníomhaireachtaí eile rialtais chun caidrimh na Comhairle Ealaíon leis an nGaeilge a bhainistiú agus a fhorbairt.

  • Caidrimh na Comhairle Ealaíon le heagraíochtaí agus gníomhaireachtaí Gaeilge a bhainistiú agus a fhorbairt ó thaobh na straitéise agus an mhaoinithe de. Aireofar leis sin freagracht as caidreamh na Comhairle Ealaíon le hEalaín na Gaeltachta.

  • Páirt ghníomhach a ghlacadh i dtacú le tionscnaimh Ghaeilge i ngach foirm ealaíne.

  • Maoirseacht a dhéanamh ar iarratais i nGaeilge agus córais a chur i bhfeidhm le nós imeachta cothrom a chinntiú diarratais den chineál sin i gcomhairle le cinn foirmeacha ealaíne agus le hiarrthóirí Gaeilge atá ann cheana féin agus iarrthóirí Gaeilge féideartha

  • Dul i gcomhairle le comhghleacaithe i ngach ceann de na foirmeacha ealaíne maidir le ceisteanna teanga agus a chinntiú go gcomhtháthaítear ceisteanna den chineál sin in obair na Comhairle Ealaíon gan stró.

Mar Bhainisteoir:-

  • Luachanna fís agus misean na Comhairle Ealaíon a spreagadh

  • Rannchuidiú go gníomhach chun cuspóirí straitéiseacha na Comhairle Ealaíon agus an straitéis Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh a chur i gcrích

  • Bainistiú a dhéanamh ar shruthanna oibre iomadúla agus cúraimí a roinnt go héifeachtach

  • Caidreamh láidir oibre a chothú ar fud na heagraíochta

  • Iarracht a dhéanamh bealaí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun oibriú go héifeachtach chun cuspóirí a chomhlíonadh

  • A bheith solúbtha agus toilteanach chun oiriúnaithe agus rannchuidiú go dearfach le cur i bhfeidhm an athraithe

  • A bheith freagrach agus cuntasach as cuspóirí comhaontaithe a chomhlíonadh

  • Foirne tionscadail a stiúradh le dea-shampla daoine aonair a chur faoi oiliúint agus tacú leo de réir mar is gá

  • Deiseanna uasoiliúna agus traenála ar an láthair oibre a aithint agus a chur ar fáil de réir mar is cuí

  • Cuspóirí soiléire agus éifeachtacha a leagan síos don fhoireann de réir spriocanna agus straitéis iomlán na Comhairle Ealaíon

  • Bainistiú rathúil a dhéanamh ar réimse tograí difriúla agus gníomhaíochtaí oibre ag an am céanna

  • Obair a tharmligean go héifeachtach faisnéis agus fianaise shoiléir a sholáthar maidir leis an méid atá ag teastáil

  • Fócas láidir ar fheidhmíocht ard agus ar sheachadadh seirbhíse a léiriú agus a chur chun cinn

  • Rannchuidiú le cinnteoireacht straitéiseach nuair is gá

  • Caidrimh inmheánacha agus sheachtracha a chruthú agus a chothú

  • Cinntí soiléire tráthúla a dhéanamh maidir le saincheisteanna tábhachtacha de réir mar is gá.

Tabhair faoi deara: Tá róil agus freagrachtaí na Comhairle Ealaíon faoi réir athruithe de réir ceanglais agus forbairtí eagraíochtúla atá ar bun anois agus cinn amach anseo. Dualgais ábhartha eile is oiriúnach don ghrád a dfhéadfaí a shannadh ó am go chéile.

D. Scileanna Eolas agus Taithí

  • Líofacht sa Ghaeilge idir labhartha agus scríofa

  • Taithí shuntasach oibre in earnáil na n-ealaíon

  • Eolas fíormhaith agus cothrom le dáta ar na healaíona Gaeilge ar litríocht agus amharclannaíocht na Gaeilge go háirithe

  • Sárscileanna cumarsáide idir scríofa agus idirphearsanta an cumas cásanna ina bhfuil gá le scileanna taidhleoireachta agus tuisceana a láimhseáil san áireamh;

  • Taithí ar bhainistíocht imeachtaí agus ar ardchaighdeáin cúraim do chustaiméirí a sholáthar;

  • Sárscileanna TFC lena n-áirítear Word Excel Outlook agus Bogearraí Bainistíochta Boird;

  • Duine atá in ann oibriú go maith le foireann atá féinspreagtha agus atá in ann a ualach oibre féin a bhainistiú.

  • Tiomantas dardchaighdeáin seirbhíse poiblí.

E. Cáilíochtaí:

  • Beidh 3 bliana ar a laghad ag an iarrthóir rathúil bunchéim go hidéalach agus bfhearr go mbeadh cáilíocht iarchéime nó ghairmiúil aige/aici i réimse ábhartha.


A. SonraíPost: Ceann Ealaíona na Gaeilge agus Ceann Litríocht na Gaeilge (féach eolas thíos maidir le 2 X róil .5)Grád: Ardoifigeach FeidhmiúcháinCoibhéis lánaimseartha: Lánaimseartha - 5 lá sa tseachtain*Ag tuairisciú do: An Stiúrthóir Ealaíon Cruthaitheach (agus do Stiúrthóirí Ealaíon eile de réir...
View more view more

About Company

Company Logo

Supporting the arts – Stories from our archive - To mark our 60th anniversary, the Arts Council is publishing stories about the arts using documents from our archive. Beginning with 14 stories from the early years of the Arts Council, (1950s) this site aims to show the intricate conne ... View more

View Profile View Profile